*Fuinneamh geoiteirmeach: fuinneamh i bhfoirm teasa, a fhaightear thíos sa talamh. Má théann tú níos faide ná méadar faoin talamh, bíonn teas nádúrtha le fáil. Is féidir an teas sin a thabhairt aníos le gléasra leictreach chun teach a théamh, nó má thógtar íoslach (basement) i dteach tagann an teas nádúrtha aníos.