Tá rogha idir é seo agus 'Cáca Milis'. Réamhrá
Is breá le gach duine bheith ag canadh, mar an gcéanna leis an Lasair Choille sa dráma seo. Ach cén fáth a bhfuil an t-éan beag balbh? Cén fáth nach bhfuil sé ag canadh faoi mar is dual dó?
An Lasair Choille
1 warm and cosy
2 a fool like you
Séamas: A Bhinncheoil! ’Bhinncheoil! (Fead) Cas poirtín dom. Tá tú an-chiúin inniu. Ní fhéadfadh aon údar bróin a bheith agat sa teach seo. Tú te teolaí1
agus neart le n-ithe agat. (Fead) Seo, cas port amháin.
Micil: As ucht Dé ort, a Shéamais, agus éist leis an éan sin, nó an gceapann tú go dtuigeann sé thú?
Séamas: Á, mhuis, ní raibh mé ach ag caint leis. Shíl mé go raibh tú i do chodladh.
Micil: Cén chaoi a bhféadfainn codladh sa teach seo agus do leithéidse d’amadán2