•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Trí An Modh Coinníollach Úsáidtear an Modh Coinníollach mar a úsáidtear ‘would’, ‘could’ nó ‘should’ sa Bhéarla.
Mar shampla: I would do that if I had the money è Dhéanfainn é sin dá mbeadh an t-airgead agam.
Tá an Modh Coinníollach beagán cosúil leis an Aimsir Fháistineach ach tá an fhoghraíocht éagsúil.
Aimsir Fháistineach -fidh = hig nó hee*
Modh Coinníollach -f(e)adh = huch (‘ch’ Gaeilge cosúil le huck, ach le fuaim scornúil) Aimsir Fháistineach -(e)oidh = oh-wig/oh-wee/oh Modh Coinníollach -(e)odh = óch
Modh Coinníollach (Tabhair faoi deara an séimhiú) Chuirfeadh Thógfadh Labhródh Thosódh
*I gcanúint na Mumhan deirtear ‘hig’, i gcanúint Chonnacht ‘heh’, i gcanúint Dhún na nGall ‘hee’.
• Cuirtear f(e)adh nó -(e)odh leis an mbriathar sa Mhodh Coinníollach. Mar shampla: cheannódh, thógfadh
• Bíonn dhá bhriathar in abairt choinníollach: – Cuirtear urú (nó n le guta) ar an mbriathar tar éis ‘Dá’: dá mbeadh
dá nólfadh
– Cuirtear séimhiú (nó d’ le guta) ar an mbriathar eile: Cheannódh sé
d’ólfainn
Úsáidtear an fhoirm tháite le ‘mé/tú/muid/siad’. Chuirfinn (hin) I would put
Chuirfeá (faw/haw) You would put
Chuirfeadh sé/sí sibh (huch) He/she would put Chuirfimis (himeesh) we would put Chuirfidís (hideesh) they would put
D’inseoinn (dinshowin) I would tell D’inseofá (dinshowfaw) You would tell
D’inseodh sé/sí sibh (óch) he/she/ye would tell D’inseoimis(dinshowmeesh) we would tell D’inseoidís (dinshowdeesh) they would tell
Seo a leanas na briathra neamhrialta sa Mhodh Coinníollach Faigh: Gheobhainn/gheofá/gheobhadh; dá bhfaighinn/an bhfaighfeá Téigh: Rachainn/rachfá/rachadh sé; dá rachaimis/an rachaidís Tar: Thiocfainn/thiocfá/thiocfadh sé; dá dtiocfaimis/an dtiocfaidís Bí: Bheinn/bheifeá/bheadh sé; dá beimis/an mbeimís Ith: D’íosfainn/d’íosfá/d’íosfadh; dá n-íosfaimis/an íosfaidís Abair: Déarfainn/déarfá/déarfadh; dá déarfaimis/an ndéarfaidís Beir: Bhéarfainn/bhéarfá/bhéarfadh; dá mbéarfaimis/an mbéarfaidís Tabhair: Thabharfainn/thabharfá/thabharfadh/thabharfaimis/thabharfaidís
è 62 Féach liosta iomlán na mbriathra neamhrialta sa Mhodh Coinníollach ar lth 427 TUMADH TEANGA