CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Faigh agus foghlaim
Sláinte agus Spórt
An dtuigeann tú na nathanna go léir atá aibhsithe? Téigh i gcomhairle le scoláirí eile más gá, agus foghlaim aon nathanna nua. Déan iarracht iad a úsáid sa phíosa ceapadóireachta seo a leanas.
Cleachtadh ceapadóireachta
Iarradh ort caint/óráid a thabhairt do rang idirbhliana faoi chúrsaí sláinte i measc an aosa óig. Scríobh an chaint a thabharfá. (Féach lth 442)
Mar chabhair
Is féidir go leor de na topaicí atá clúdaithe san aonad a lua. Seo a leanas liosta de phointí gur féidir leat a fhorbairt i ngach alt:
• Bia agus sláinte: an sórt bia a itheann daoine óga: bia míshláintiúil (lth 174) • Cleachtadh coirp: an tábhacht a bhaineann leis, staitisticí. • Fadhb an mhurtaill i measc an aosa óig (lth 186) • Neamhord itheacháin: na cúiseanna atá leis, conas is féidir dul i ngleic leis an bhfadhb. (lth 187)
• Alcól agus drugaí: na cúiseanna a n-ólann daoine óga alcól. Piarbhrú, ragús óil, easpa féinmhuiníne (lth 187)