Cad a dhéanann tú de ghnáth ag an deireadh seachtaine? Scríobh amach an sliocht seo a leanas agus úsáid an fhoirm cheart den bhriathar ann.
(Éirigh) mall ar an Satharn agus (bí) bricfeasta agam ar mo shuaimhneas! (Déan) roinnt obair tí agus ansin (téigh) isteach sa bhaile agus (buail) le mo chairde. (Téigh) ag siopadóireacht agus (ceannaigh) éadaí nó dlúthdhioscaí. (Bí) ag obair uaireanta sa tráthnóna ach muna mbím ag obair (téigh) amach le mo chairde nó féachaim ar an teilifís. Ar an Domhnach (téigh) ar Aifreann agus ina dhiaidh sin téim ag traenáil le m’fhoireann peile. Uaireanta (tar) mo sheanmháthair ar cuairt againn. (Cabhraigh) le mo mháthair an dinnéar a ullmhú agus (déan) m’obair bhaile sa tráthnóna.
Ceacht 3
Scríobh abairt ag míniú cad a dhéanann tú sna háiteanna seo a leanas. Sampla: pictiúrlann – Féachann tú ar scannáin ann.
leabharlann ollmhargadh neachtlainnín
cúirt cispheile ealaín
iarsmalann
amharclann linn snámha ionad fóillíochta
Ceistneoir – d’áit chónaithe féin
Léigh na ráitis thíos, ansin cuir ciorcal timpeall ceann amháin de na huimhreacha atá os comhair gach abairte. Sula dtosaíonn tú, féach ar an eochair.
Eochair
5 = Aontaím amach is amach leis an ráiteas seo. 4 = Aontaím den chuid is mó leis an ráiteas seo. 3 = Tá mé idir dhá chomhairle faoin ráiteas. 2 = Easaontaím den chuid is mó leis an ráiteas seo. 1 = Easaontaím amach is amach leis an ráiteas seo.
1. Tá áiseanna maithe sa cheantar a bhfuil mé i mo chónaí ann faoi láthair. 2. Tá sé furasta (éasca) go leor aithne a chur ar dhaoine sa cheantar. 3. Tá spiorad maith i measc an phobail; bíonn daoine i gcónaí breá sásta cuidiú (cabhair/cúnamh) a thabhairt dá chéile.
4. Tá roinnt mhaith fadhbanna sóisialta sa cheantar (mar shampla, coireacht, creachadóireacht, drugaí, spraoithiomáint).
5. Braithim sábháilte sa cheantar san oíche. 6. Is ceantar maith é le páistí a thógáil ann. 7. Bíonn roinnt mhaith imeachtaí ar siúl san áit i gcónaí. 8. Ba mhaith liom an chuid eile de mo shaol a chaitheamh i mo chónaí ansin.
Ag úsáid na n-abairtí céanna, scríobh alt faoi do cheantar. ARDTEISTIMÉIREACHT ARDLEIBHÉAL GAEILGE 37