CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Sláinte agus Spórt
Ní féidir an phian agus an briseadh croí a bhraitheann daoine nuair a mharaítear cara leo nó duine den teaghlach i dtimpiste bhóthair a shamhlú. Seo bás nach mbíonn éinne ag súil leis. Go minic, tugtar barróg nó póg thapa don duine ar maidin agus é ag fágáil an tí faoi dheifir. Bítear ag súil leis a bheith sa bhaile arís ag am áirithe tráthnóna don dinnéar ach ní mar sin a bhíonn; buailtear cnag ar an doras, cuirtear an drochscéala in iúl agus athraítear saol an teaghlaigh sin go deo.
An ghramadach i gcomhthéacs Faigh samplaí den saorbhriathar san Aimsir Láithreach. (Féach lth 185)
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: hug
imagine
inform
2. Maraíodh 336 duine ar bhóithre na hÉireann anuraidh agus ba é an luas ba chúis leis an gceathrú cuid de na básanna sin. Bíonn an tiomáint ar meisce mar chúis i gcás an tríú cuid de na timpistí ina maraítear daoine sa tír seo, agus tá fás ag teacht i gcónaí fosta ar an méid daoine a bhíonn ag tiomáint agus iad faoi thionchar drugaí. Is cúis díomá é do go leor daoine go bhféadfaí athruithe áirithe a chur i bhfeidhm a laghdódh líon na dtimpistí bóthair go mór ach nach bhfuil sin á dhéanamh.
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: fuair siad bás
ólta An ghramadach i gcomhthéacs Faigh sampla den saorbhriathar sna hAimsirí Chaite, Láithreach agus Gnáthláithreach. 6 tá sé díomách go