ainmhí fiáin ó na tíortha teo a bhfuil cáil ar m’áilleacht
chroithfinn na crainn uair amháin le mo bhéic
ach anois luím síos
agus féachaim trí shúil amháin ar an gcrann amháin sin thall
Tagann go leor daoine gach lá
a dhéanfadh aon rud dom
ach mé a scaoileadh saor. Deis comhrá
• Cad é an íomhá a chuirtear os ár gcomhair sa chéad leath den dán? • Cén sórt ainmhí é? An féidir leat íomhá ainmhí a fháil ar an Idirlíon? • Cén sórt áite ina gcónaíodh an t-ainmhí seo? • Cad iad na tréithe a bhíodh ag an ainmhí seo? • Sa dara leath den dán, cá bhfuil an t-ainmhí? • Cén t-athrú mór atá tagtha air? • Cén fáth nach scaoilfidh siad an t-ainmhí saor? • An féidir léamh eile a fháil ar an dán? • Cad dó a sheasann an t-ainmhí allta? • Déan cur i láthair PowerPoint den dán le híomhánna agus fuaimeanna oiriúnacha.