Cúinne na fuaime An t-athrú fuaime a thagann le sineadh fada
Fabhalscéal: Bhí bean uasal ann uair agus chuaigh sí ar saoire. D’fhág sí nóta dá garraíodóir ar phíosa páipéir: ‘A Thomáis, gearr an fear, le do thoil’. Nuair a chonaic an garraíodóir an nóta, níor thuig sé é. Ag an nóiméad sin tháinig fear an phoist. ‘Aha’, arsa an garraíodóir. Phioc sé suas scian agus ghearr sé fear an phoist. Ag an gcás cúirte a lean, dúirt an garraíodóir go raibh sé ag leanúint treoir a fhostóra, agus thaispeáin sé an nóta don chúirt. Cuireadh fios ar an mbean uasal. ‘Ó’, arsa an bhean ‘Séard a bhí i gceist agam ná “Gearr an féar.” Níl ann ach gur fhág mé amach an síneadh fada trí thimpiste.’
“Agus ceapann tú go gcreidfimís a leithéid de leithscéal?” arsa an breitheamh.
Níor chreid an giuiré í. Fuarthas an bhean ciontach as griosú chun mórdhíobháil choirp a dhéanamh agus cuireadh i
Mír 3.1 T25
bpríosún í. Ceacht: Ná fág síneadh fada amach riamh! Éist agus abair I