•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Dó Deis comhrá
Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhainfeadh le bheith i do chónaí i gceantar ciúin tuaithe (in Éirinn, abair) ar bhonn fadtéarmach? Scríobh na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann le saol na tuaithe agus saol na cathrach. Pléigí iad seo sa rang (mar shampla, aer úr folláin, go leor spáis, caitheamh aimsire, srl.)
Saol na tuaithe Buntáistí
Tá sé suaimhneach síochánta faoin tuath. Tá an t-aer folláin. Tá go leor spáis ann. Is féidir spóirt ar nós marcaíocht ar chapall a dhéanamh. Tá spiorad an phobail láidir faoin tuath.
Míbhuntáistí
Caithfidh tú taisteal i gcarr gach áit. Níl mórán fostaíochta i gceantair tuaithe.
Saol na cathrach Buntáistí
Tá go leor áiseanna sa chathair. Tá córas iompair ar fáil.
Is féidir siúl nó bus a thógáil gach áit. Tá do chairde in aice láimhe. Tá fostaíocht ar fáil.
Míbhuntáistí
Bíonn tranglaim tráchta ann minic. Ní bhíonn aithne agat ar do chomharsana. In áiteanna bíonn iompraíocht frithshóisialta ann.
Conas a d’fhéadfaí feabhas a chur ar do cheantar? Mar shampla d’fhéadfaí níos mó áiseanna agus poist a chur ar fáil do dhaoine óga, turasóireacht a chur chun cinn sa cheantar. An bhfuil aon tuairim agat féin?