CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT An ghramadach i gcomhthéacs
Bochtanas
Saorbhriathar sa Mhodh Coinníollach Is féidir ‘Ba chóir trádáil chóir a dhéanamh le tíortha i mbéal forbartha’ nó ‘Ba chóir go ndéanfaí trádáil chóir le tíortha i mbéal forbartha’ a rá.
Dá ndéanfaí rud éigin faoi If something were done about it Cuirtear -f(a)í (1 shiolla) nó -ófaí (2 shiolla) leis an mbriathar. Mar shampla:
Dá gcuirfí an dlí ar bhradmharcaithe stopfaidís. If joyriders were prosecuted they would stop.
Dá n-inseofaí dóibh faoin mbaol a bhaineann le... If they were told about the dangers associated with... Ceacht 1
Cuir an fhoirm cheart den bhriathar isteach agus críochnaigh an abairt. 1. Dá (cuir) dlíthe níos déine i bhfeidhm... 2. Dá (caith) níos mó airgid ar acmhainní... 3. Dá (déan) infheistíocht i bhforbairt struchtúrtha... 4. Dá (inis) do dhaoine óga faoin mbaol a bhaineann le... 5. Dá (eagraigh) feachtas chun daoine a chur ar an eolas... 6. Dá (cúisigh) tuismitheoirí na gcoirpeach óg... 7. Dá (athraigh) an éide scoile... 8. Dá (cruthaigh) poist nua... 9. Dá (éist) le daoine óga...
10. Dá (tabhair) níos mó airgid don tríú domhan... 11. Dá (cealaigh) fiacha an tríú domhain…
Ceacht 2
Is féidir freisin ‘Ba chóir go gcuirfí dlíthe níos déine i bhfeidhm’ a rá. Scríobh na habairtí thuas arís ag tosú le ‘Ba chóir go…’