Dá bhféadfainn sibh a chosaint ar an saol so, Chosnóinn!
I ngach bearna baoil, Bheadh aingeal romhaibh!
Bheadh bhúr mbóthar réidh is socair – Bhúr sléibhte ’na maolchnoic mhíne – Bhúr bhfarraigí gléghorm Ó d’fhág sibh cé mo chroí
Chloífinn fuath agus díoltas Dá dtiocfaidís bhúr ngaor,
Thiocfainn eadar sibh agus fearg Dé! Dá bhféadfainn, dhéanfainn rud daoibh Nár dheineas riamh dom féin – Mhaithfinn daoibh gach peaca ’S d’agróinn cogadh ar phéin!
Fada uaim a ghluaisfidh sibh, Ar bhúr mbealach féin I bhfiacail bhúr bhfáistine, Ná feicim ach im’ bhuairt Is cuma libh faoin anaithe, Nó sin a deir sibh liom –
Ag tabhairt dúshláin faoi aithne na dtuar!
Ní liomsa bhúr mbrionglóidí ná bhúr mbealaí, Ná ní liom bhúr smaointe ná bhúr ndearcadh! Níl baint agam le rogha bhúr gcroí – le fuacht ná teas Le lá ná oíche