Cúinne na fuaime: An difríocht fuaime idir ío agus ói Éist agus abair maraíodh
maróidh
ceannaíodh coinníodh
ceannóidh coinneoidh
gortaíodh fiosraíodh cúisíodh
gortóidh fiosróidh cúiseofar*
•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•
*nuair a thagann ‘o’ tar éis ‘e’ fuaimnítear é ar nós ‘ó’. Cleachtadh Éisteachta 1: turas thar lear
Scríobh an sliocht i do chóipleabhar. Ansin éist agus líon na bearnaí.
Mír 8.2 T13
Chuamar go dtí Maracó ar ár laethanta saoire. Tá Maracó suite in _____ na hAfraice ar an gcósta Atlantach. D’eitlíomar ó _____ go dtí Agadir, agus d’fhanamar in óstán cois trá. An rud a chuir ionadh orainn ná, nuair a dúramar san óstán gur Éireannaigh muid, thosaigh siad ag labhairt _____ linn! De réir dealraimh, tagann a lán Éireannach go hAgadir. Is tír _____ í Maracó agus tá os cionn _____ ina gcónaí ann. Is í an Araibis an phríomhtheanga ach labhraítear Beirbeiris agus _____ ann freisin. Tá muintir Mharacó _____. Caithfidh mé a rá gur _____ an tsaoire go mór liom.
Ceisteanna 1. Cá bhfuil Maracó suite? 2. Cad a chuir ionadh orthu? 3. Cad iad na teangacha a labhraítear ann? 4. Tabhair dhá shampla den tuiseal ginideach sa phíosa seo.