Ar ndóigh, ní féidir gan an córas measúnaithe a lua. Sa tír seo, tá todhchaí gach dalta ag braith ar rud amháin: An Ardteistiméireacht. Oibríonn daltaí go crua ar feadh sé bliana, agus ansin bíonn gach rud ag brath ar sheachtain amháin. Oire- ann an córas seo do dhaltaí áirithe ach ní oireann sé in aon chor do dhaltaí eile. Ceapaim féin gur chóir go mbeadh i bhfad níos mó béime ar mheasúnú leanúnach. Is córas lochtach é córas na bpointí.
Níl aon dabht ná gur ceist achrannach í an cheist seo. Cé go bhfuil córas oideachais maith againn sa tír seo, níl sé gan locht. Cuirtear an iomarca béime ar an acadúlacht agus ní chuirtear dóthain béime ar ábhair phraiticiúla. Tá na háiseanna sna scoileanna go dona agus cuireann córas na bpointí an-bhrú ar dhaltaí. Caithfear féachaint arís ar an gcóras agus é a chur in oiriúint do shaol an lae inniu. Muna ndéantar é seo, is dúinne is measa é.
Faigh agus foghlaim
Faigh agus foghlaim focail nó nathanna san aiste thuas a chiallaíonn. go dona
a chur chun cinn rogha fhairsing níl aon amhras ní gá é a dhéanamh
plódaithe gach lá cúinsí
déan mar a deir tú tá sé feiliúnach do
Cleachtadh scríofa Tabhair faoi deara!
Cuirtear an iomarca béime ar … Ní chuirtear dóthain béime ar ... Ba chóir níos mó béime a chur ar ...
Cum abairtí faoi do scoil ag usáid na struchtúir seo. Cleachtadh scríofa
Cad é an mórphointe atá i ngach alt san aiste thuas? Foclóir
córas measúnaithe assessment system acmhainní resources éigeantach compulsory riachtanaisí speisialta special needs tacaíocht foghlama learning support seach-churaclaim extra-curricular litearthacht literacy córas na bpointí points system fearas/trealamh (spóirt) (sports) equipment roghnach optional cúntóir riachtanas speisialta special needs assistant