Scrúdú béil: agallamh: mo scoil Éist leis an gcómhrá seo.
Agallóir Ana
Agallóir Ana
Agallóir Ana
Inis dom, cá dtéann tú ar scoil?
Freastalaím ar Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Buí. Cén cineál* scoile í?
Is meánscoil í do chailíní agus buachaillí. Inis dom faoin scoil. Cad iad na háiseanna atá ann?
Is scoil bheag í, níl ach thart ar thrí chéad dalta ann agus cúigear is fiche múinteoirí. Is seanscoil í, agus is oth liom a rá nach bhfuil na háiseanna thar moladh beirte ann. Tá saotharlann, seomra eacnamaíocht bhaile, seomra adhmadóireachta, seomra miotalóireachta agus siopa beag ann, ach seachas sin, is beag áis eile atá ann. Cé go bhfuil seomra ríomhairí sa scoil, tá na ríomhairí sean agus ní oibríonn siad leath den am. Anuas air sin, níl aon halla spóirt ceart againn, agus tá na páirceanna peile is gaire ar an taobh eile den bhaile. Tá tithe réamhdhéanta againn freisin mar go bhfuil easpa seomraí ranga ann. Is mór an náire é i ndáiríre.