•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Seacht
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: shil sé deor troid eilit
ainnir ina brá
gan meath gan éag
Ceisteanna 1. Cén fáth ar thosaigh Oisín ag caoineadh? 2. Cad a tharla nuair a chuaigh an capall bán san fharraige? 3. Céard a chonaic siad ar an mbealach go Tír na nÓg? 4. Cé a shábháil Oisín ón bhfathach Fómhar Builleach? 5. Cad a bhí acu nuair a shroicheadar Tír na nÓg? 6. Céard a bhí difriúil faoi Thír na nÓg? 7. Cé mhéad clainne a bhí orthu? 8. Cén fáth ar shocraigh Oisín dul ar ais go hÉirinn? 9. Cad a dúirt Niamh leis?
10. Cad a chonaic sé nuair a tháinig sé go hAlmhain Laighean? 11. Cad a tharla nuair a chabhraigh sé leis na fir i nGleann na Smól? 12. Cad a dúirt Pádraig leis? 13. Conas mar a bhraith Oisín?
Achoimre Scríobh i do chóipleabhar agus líon na bearnaí mar is cuí.
Bhí slua fear ag ______ cloch a ardú i nGleann na Smól ach bhí ______ orthu. Chonaic siad fear uasal, álainn ag teacht ______ ar chapall bán agus d’iarr siad air ______ leo. Bhí ionadh air nach raibh siad ábalta é a ardú. ______ sé síos agus phioc sé suas an chloch mhór agus chaith sé é ______ dhaichead méadair uaidh. Ach bhris an ______ ar an gcapall agus thit an fear go talamh. Ar an bpointe boise ______ a chruth agus bhí seanfhear dall os a gcomhair. Chuir sé seo ______ orthu agus thóg siad é go Naomh Pádraig. D’iarr Pádraig air cérbh é, agus dúirt sé gurb é Oisín, mac le Fionn Mac Cumhaill, a bhí ann. Ansin ______ sé scéal a ______ dóibh.
ag teip • thart ar • Chrom • ina dtreo • giorta • d’athraigh ionadh • bheatha • d’inis • cabhrú • iarraidh