CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a hAon Clann Anna
Réitím go maith le mo dheirfiúr mhór Anna, ach ní réitím in aon chor le mo dheirfiúr óg, Siobhán. Cuireann sí déistin orm. Bíonn sí i gcónaí ag tógáil mo chuid stuif agus ní chuireann sí riamh ar ais é. Má deirim aon rud léi ritheann sí go Mamaí ag insint scéalta. Cuireann sí soir mé!
Is minic a bhíonn aighneas idir mé féin agus mo dheartháir Niall. Níl sé ach bliain amháin níos sine ná mé ach ceapann sé gur féidir leis bheith ag ordú orm mar is mian leis. Bíonn raic mhór sa teach nuair a thagann sé abhaile ón gcoláiste ag an deireadh seachtaine. Tá gaol níos fearr agam le mo dheartháir óg Colm. Ar an iomlán réitímid go maith le chéile cé go mbíonn argóintí againn faoi chláir theilifíse ó am go chéile.
Cuireann mo mháthair olc orm! Ní ligeann sí dom aon rud a dhéanamh riamh. Bíonn cead ag mo chairde go léir dul amach ag an deireadh seachtaine ach ní bhíonn cead agamsa dul in aon áit riamh. Is fuath liom í! Tá sí ag milleadh mo shaoil!
Réitím go maith le m’athair cé go mbíonn aighneas eadrainn anois is arís faoi rudaí ar nós spóirt nó obair tí. Leanann seisean foireann rugbaí na Mumhan mar is as Luimneach dó agus leanaimse foireann Laighean. Is minic a bhíonn argóintí againn faoi ag an mbord agus cuirimid déistin cheart ar Mham! Ach ní mhaireann an t-aighneas i bhfad.
Cleachtadh scríofa
1. An réitíonn tú go maith le gach duine i do theaghlach? 2. An mbíonn aighneas eadraibh riamh? 3. Cad a bhíonn sibh ag argóint faoi? 4. An gcuireann aon duine acu déistin ort riamh? Cén fáth?
Scrúdú béil: agallamh: Mo chlann
Mír 1.10 T10
Éist leis an gcomhrá seo.
Agallóir Sadhbh
Agallóir Sadhbh Agallóir Sadhbh Agallóir
10 TUMADH TEANGA Dia duit, cé chaoi a bhfuil tú?
Dia is Muire duit. Táim go maith, go raibh maith agat, conas atá tú féin?
Go maith, Inis dom, cad is ainm duit? Sadhbh Ní Lochnáin is ainm dom. An-mhaith. Cén aois tú, a Shadhbh? Táim ocht mbliana déag d’aois. Cad é do dháta breithe?