Sláinte agus Spórt •FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•
An raibh fhios agat? • De réir na staitisticí, tá anoireicse ar dhuine as gach 200 in Éirinn.
• Tá bulimia ar 2% den daonra, nó ar dhuine as gach caoga.
• Tá neamhord ragúis itheacháin ag cur ar 4% den daonra (is é sin téann an dúil sa bhia ó smacht agus éiríonn siad róthrom dá bharr)
• Is mná iad 90% díbh siúd le neamhoird itheacháin. Mná idir 15-25 bliain atá i gceist den chuid is mó.
• Tá fás ag teacht ar líon na bhfear le neamhord itheacháin. Deis comhrá
Déan plé leis an duine in aice leat faoi na rudaí a ritheann leat faoi na staitisticí thuas. Déan plé le comhscoláire ar neamhord itheacháin. Déan liosta de na cúiseanna atá leis, dar libh (.i. fadhbanna teaghlaigh, easpa féinmhuiníne) Tosaigh le: ‘Ceapaim go mbíonn neamhordú itheacháin ar dhaoine go minic de bharr easpa féinmhuiníne ...’).
•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT• Alcól agus drugaí
Dúirt 37% de dhéagóirí idir 15-16 bliana in Éirinn go raibh siad ar meisce ar a laghad uair amháin ina saol.
Bhain 10% triail as canabas.
Bhain 10% triail as druga mídhleathach eile. Tá an ráta ragús óil (binge drinking) is airde san Eoraip in Éirinn.
Deis comhrá
Déan plé le comhscoláire ar na cúiseanna atá leis an ráta ard meisciúlachta i measc daoine óga, agus na cúiseanna atá le ragús óil. Pléigh freisin an fáth a dtosaíonn daoine óga ag tógáil drugaí: Ceapaim go dtosaíonn daoine óga ag ól mar .../de bharr.../toisc...