•LITRÍOCHT•CAINT•FOGHRAÍOCHT•ALT•GRAMADACH•SCRÍOBH• Fócas ar an Scrúdú
Aonad 1: Mo Chlann 1. Dia dhuit, cén chaoi a bhfuil tú? 2. Inis dom, cad is ainm duit? 3. Cén aois thú?
4. Inis dom faoi do chlann/do theaghlach/do mhuintir. Cé mhéad atá i do theaghlach? Cé mhéad deirfiúracha agus deartháireacha atá agat?
5. Cén aois iad? 6. Cé hé an duine is sine? Cé hé an duine is óige? 7. An bhféadfá cur síos a dhéanamh dom ar dhuine éigin i do theaghlach? 8. Cá bhfuil sé/sí sa teaghlach? Cár rugadh é/í? Cá bhfuil sé ina chónaí? (Cá bhfuil sé ag cur faoi?) Cad atá á dhéanamh aige/aici? Cad ba mhaith leis/léi a dhéanamh? Céard is maith leis/léi? Céard a dhéanann sé/sí mar chaitheamh aimsire? Cén sórt duine é/í?
9. An réitíonn tú go maith le do dheirfiúr/do dheartháir/do thuismitheoirí?
10. Cad a chuireann déistin ort faoi do (theaghlach/mháthair/dheirfiúr?) 11. Cé a dhéanann obair an tí?
Aonad 2: Mo cheantar 12. Anois, inis dom faoi do cheantar. Cá bhfuil tú i do chónaí? 13. Cá as duit? / Cé as thú? / Cár rugadh tú? 14. Cén sórt ceantair é?
15. Cad iad na háiseanna (agus na seirbhísí) atá ar fáil ann? Cá dtéann tú ag siopadóireacht?
16. An bhfuil mórán le déanamh ann do dhéagóirí? Cad a dhéanann déagóirí an cheantair mar chaitheamh aimsire?
17. Céard a dhéanann tú istoíche/ag an deireadh seachtaine? 18. An bhfuil aon fhadhbanna sóisialta sa cheantar? 19. Cad é an rud is fearr leat (nó is measa) leat faoi do cheantar? 20. Cad atá in easnamh sa cheantar? 21. Cén sórt fostaíochta atá i do cheantar? 22. Cad a dhéanfá chun feabhas a chur ar do cheantar?* (Lth 62 An Modh Coinníollach) 23. Cé acu is fearr, saol na cathrach nó saol na tuaithe? 24. Cén cineál tí atá agat? (teach scoite/teach leathscoite/bungaló) 25. Cá bhfuil do theach suite? 26. An dóigh leat go socróidh tú síos i do cheantar? 27. An maith leat do cheantar?
Aonad 3: Cúrsaí scoile 28. Cá dtéann tú ar scoil?
29. Cén sórt (cineál/saghas) scoile í? (pobalscoil, meánscoil do chailíní, scoil chuimsitheach, Scoil chónaithe) 30. Cad iad na háiseanna atá ann?