Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 93
Aonad a dó |Mo cheantar féin Céim a naoi - Gramadach
Céimeanna comparáide na haidiachta Leanann an aidiacht an t-ainmfhocal de ghnáth agus tugann sé eolas breise dúinn ar an ainmfhocal sin.
Nuair a bhíonn dhá rud á gcur i gcomparáid le chéile, baintear úsáid as breischéim na haidiachta agus nuair a bhíonn níos mó ná dhá rud á gcur i gcomparáid le chéile, baintear úsáid as sárchéim na haidiachta
Nuair a chríochnaíonn an aidiacht ar –ach sa bhunchéim, críochnóidh sé ar –aí sa bhreischéim agus sa tsárchéim.
Nuair a chríochnaíonn aidiacht ar –each sa bhunchéim, críochnóidh sé ar –í sa bhreischéim agus sa tsárchéim.
Roinnt samplaí Bunchéim
baolach uaigneach
Breischéim níos baolaí níos uaigní
Sárchéim is baolaí is uaigní
Nuair a chríochnaíonn an aidiacht ar -úil sa bhunchéim, críochnóidh sé ar –úla sa bhreischéim agus sa tsárchéim.
Bunchéim dathúil cáiliúil
Breischéim níos dathúla níos cáiliúla
Sárchéim is dathúla is cáiliúla
Nuair a chríochnaíonn an aidiacht ar -ir sa bhunchéim, críochnóidh sé ar –re sa bhreischéim agus sa tsárchéim.
Bunchéim láidir
saibhir
Breischéim níos láidre níos saibhre
Sárchéim is láidre
is saibhre
Nuair a chríochnaíonn an aidiacht ar –air sa bhunchéim, críochnóidh sé ar –ra sa bhreischéim agus sa tsárchéim.