Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 318
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
Dán a ndearna mé staidéar air i rith mo chúrsa. Oidhreacht
le Áine Ní Ghlinn
4 3 2 1
318
Tusa a chabhraigh liom na huibheacha a chomhaireamh sa nead spideoige a bhí folaithe ag an eidhneán ag bun an ghairdín.
Tusa a bhain an leabhar mór anuas ón seilf a chuaigh tríd leathanach ar leathanach nó go bhfacamar uibheacha ár spideoige.
Tusa a rinne roicéad liom as cathaoir chistine is a bhí mar chomhphíolóta agam ar ár gcéad thuras go Mars.
Tusa a chaith na laethanta fada liom ag faire ar na damháin alla is na péisteanna a shiúil abhaile liom faoi ualach duilleogach ár bpócaí ag cur thar maoil le hiontaisí na coille.
5
Tusa an té a raibh an t-am agat is a roinn an t-am sin liomsa. anois agus tearmann do láimhe móire imithe uaim beidh oidhreacht do chuid ama agam go deo.
Gluais folaithe: i bhfolach, faoi cheilt ag faire ar: ag féachaint ar ag cur thar maoil: lán le an té: an duine tearmann: áit shábháilte oidhreacht: cuimhní agus tairbhe