Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:01 Page 215
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Cleachtaí breise
I do litir luaigh: • an saghas banna ceoil atá i gceist
Litreacha pearsanta A. Is ball de bhanna ceoil tú. Bhí do chéad cheolchoirm agat le déanaí. Scríobh an litir a chuirfeá chuig cara leat ag insint dó/di ina thaobh.
• an réamhchleachtadh a rinne sibh
• conas a tharla sé go raibh sibh páirteach sa cheolchoirm
• pointe amháin faoin gceolchoirm féin.
B. Bhí tú ag ceolchoirm le déanaí. Scríobh litir chuig cara leat ag insint dó/di faoin ócáid.
I do litir luaigh: • rud éigin faoin turas
• dhá rud a thaitin leat faoin gceolchoirm • na rudaí a rinne tú nuair a bhí sé thart.
Litreacha foirmeálta A. Léigh tú léirmheas sa nuachtán Inniu ar albam leis an mbanna ceoil is fearr leat. Scríobh litir chuig eagarthóir an nuachtáin sin i dtaobh a raibh sa léirmheas sin.
I do litir luaigh: • ainm an albaim agus ainm an bhanna cheoil
• dhá phointe a bhí sa léirmheas ar aontaigh tú leo
• dhá phointe a bhí sa léirmheas nár aontaigh tú leo.
B. Léigh tú alt sa nuachtán Foinse ina raibh an scríbhneoir ag cáineadh ceoltóra a thaitníonn go mór leat féin. Scríobh an litir a chuirfeá chuig eagarthóir na hirise sin.
I do litir luaigh: • dhá phointe san alt nár aontaigh tú leo
• dhá phointe uait féin i dtaobh an cheoltóra sin • pointe ginearálta i dtaobh an scríbhneora.