Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:59 Page 167
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt Litir Fhoirmeálta
Bhí tú ag cluiche mór le déanaí. Shíl tú go raibh an réiteoir go maith cé go raibh go leor daoine ag gearán faoi/fúithi. Scríobh an litir a chuirfeá chuig clár spóirt TG4 ag cur do thuairim faoin scéal ar fad in iúl.
• na foirne a bhí ag imirt sa chluiche agus an áit a raibh sé ar siúl
I do litir luaigh:
• dhá chúis a raibh tú sásta leis an réiteoir • gearán amháin a bhí ag daoine eile faoin réiteoir • moladh amháin uait a chabhródh le réiteoirí, dar leat.
‘Ard Aoibhinn’, Ceann Trá,
Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí.
‘Spórt an Lae’, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
30 Meán Fómhair 20- A chara,
Beatha agus sláinte! Ar an gcéad dul síos is mian liom a rá go raibh mé ag cluiche leathcheannais na hÉireann a d’imir peileadóirí Chiarraí in aghaidh Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Cluiche breá spórtúil a bhí ann (dar liomsa) agus bhí an- iomaíocht go deo ann. Ghnóthaigh an dá fhoireann neart scór sa chéad agus sa dara leath. Bhí an t-ádh leis ‘An Ríocht’ gur éirigh leo an chraobh a bhreith leo sa deireadh. Léigh mé roinnt tuairiscí sna páipéir nuachta faoin gcluiche an lá dar gcionn agus ní mó ná sásta a bhí mé leis an gcuid is mó acu toisc gur cháin siad an réiteoir go géar.