Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:58 Page 166
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
Deich gceist ar fad a chuirfidh an t-iarrthóir. Ceisteanna Samplacha 1. Cad a bheidh ar siúl? 2. Cá mbeidh an cheolchoirm ar siúl? 3. Cad is ainm don phríomh-ghrúpa a bheidh ag seinm? 4. Cathain a bheidh an cheolchoirm ar siúl? 5. Cén lá a bheidh an cheolchoirm ar siúl? 6. Cén dáta a bheidh sé ar siúl? 7. Cén lá a thosóidh an cheolchoirm? 8. Cén lá a chríochnóidh sé? 9. An mbeidh bannaí ceoil taca ag seinm? 10. Cad is ainm do na grúpaí taca?/Cé eile a bheidh ag seinm? 11. An mbeidh Rage Against The Machine ag seinm ann? 12. An mbeidh Kings of Leon ag seinm? 13. An mbeidh The Prodigy ag glacadh páirte sa cheolchoirm? 14. An mbeidh The Verve ag seinm? 15. An bhfuil láthair champála ann? 16. Cé mhéad atá ar champáil thar oíche ann? 17. Cá bhfuil na ticéid ar fáil don cheolchoirm seo? 18. Cén praghas atá orthu? 19. Conas is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gceolchoirm seo? 20. Cad é an uimhir theileafóin? 21. An bhfuil suíomh gréasáin ann?/Cad é an seoladh gréasáin? 22. Cé a chaithfidh a bheith le déagóirí atá faoi bhun seacht mbliana déag?