Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 101
Aonad a trí | Ar scoil
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. Cén aois í Máire? 2. An mó duine atá sa teaghlach? 3. Cá bhfuil cónaí ar an gcailín seo? 4. Cé mhéad dalta atá ag freastal ar an scoil? 5. Cén fáth a ndeir sí go bhfuil an scoil ilchultúrtha anois? 6. Cén scrúdú a bheidh á dhéanamh aici i mbliana? 7. Cad iad na hábhair is fearr le Máire? 8. Cad a deir sí faoi na múinteoirí is mó a thaitníonn léi féin? 9. Cad iad na háiseanna spóirt atá acu sa scoil? 10. Cén fáth a n-aireoidh sí an phobalscoil uaithi amach anseo?
B. Tascanna gramadaí (Trialacha Teanga Comhthéacsúla Cuid B Páipéar 1)
Tasc 1: Aimsigh dhá shampla den Tuiseal Ginideach sa phíosa. Do fhreagraí: 1.
Tasc 2: Aimsigh samplaí d’aidiachtaí sa phíosa. Do fhreagraí: 1.
Nóta: Cabhróidh na nótaí gramadaí atá in Aonad a dó agus in Aonad a naoi leis an dalta na tascanna a chomhlíonadh.
Léamhthuiscint 2 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Seun Adebamiwayo
Seun Adebamiwayo is ainm dom agus is cailín ceithre bliana déag d’aois mé. Tháinig mé go hÉirinn le mo theaghlach ó Lagos sa Nigéir i Samhain na bliana 2003. Tá cónaí orainn anois i mBaile Átha Luain i gContae na hIarmhí. Tá deartháir amháin agam darb ainm Dayo atá ceithre bliana d’aois agus is í mo dheirfiúr, Tope, an páiste is óige sa chlann. Tá sí dhá bhliain d’aois.
Is maith is cuimhin liom mo chéad lá sa bhunscoil áitiúil mar cuireadh fáilte mhór romham ann. Bhí imní orm mar ní raibh aithne agam ar éinne ach ghlac mé misneach nuair a chuir mé aithne ar chuid de na daltaí óga eile. Thaitin an Béarla go mór liom sa bhunscoil agus labhraíonn mo theaghlach sa bhaile é.