Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 25
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
gcúrsaí faisin. Tá cónaí ar Aoife i gConamara fós cé go bhfuil roinnt mhaith taistil déanta aici. Deir sí go bhfuil sí sásta fanacht i dtionscal na teilifíse in Éirinn go ceann tamaill eile toisc go mbaineann sí taitneamh agus tairbhe as an obair.
Gluais is rathúla: tá ag éirí thar cionn leis uaillmhianach: fonn dul chun cinn sa saol i mbun an ghnó: ag déanamh na hoibre lonnaithe: suite ina theannta sin: chomh maith leis sin suntas: aird go seoigh: go hiontach réchúiseach: ar a suaimhneas
Fregair na ceisteanna seo a leanas. 1. (a) Cén gradam a bhuaigh Aoife Ní Thuairisg sa bhliain 2006? (b) Cad as di?
2. (a) Breac síos dhá phointe eolais faoi scolaíocht Aoife.
(b) Cén t-eolas atá sa tríú halt a thugann le fios dúinn gur duine uaillmhianach í?
3. (a) Cad a iarradh uirthi a dhéanamh nuair a bunaíodh an stáisiún teilifíse Gaeilge?
(b) Cén fáth a bhfuil sí sásta fanacht i dtionscal na teilifíse in Éirinn?
4. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó? ‘Tá dúil mhór ag Aoife i gcúrsaí faisin.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 =
5. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó?
‘Is beag eolas a bhí ag Aoife faoi shlí bheatha a roghnú nuair a bhí sí ar scoil.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 =