Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:59 Page 186
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
Sóisearach mar bhí a fhios aici go raibh sé tite siar go mór ina chuid oibre ar scoil.
Nuair a d’imir Brian le Bohs sa chluiche leathcheannais, bhí an scabhta as Manchester United, Seoirse Bellingham, an-tógtha lena chumas. Dúirt sé le Des gur theastaigh uaidh é a thabhairt go Manchain i gcomhair trialacha. D’éirigh go seoigh le Brian sna trialacha agus níorbh fhada go bhfuair sé amach go raibh sé ceaptha ar ógfhoireann Manchester United. Dúradh leis go mbeadh air mí Iúil a chaitheamh i Manchain ag traenáil agus go mbeadh conradh le síniú aige. Tugadh dhá thicéad dó don chluiche idir Manchester United agus Learpholl agus thug sé cuireadh dá athair dul leis.
Thaistil siad go Manchain arís ach dúirt a athair le Brian dul go dtí an cluiche ina aonar toisc go raibh sé tinn lá an chluiche. Fuair Brian glaoch gutháin roimh an gcluiche á rá go raibh a athair go dona tinn san óstán. Sular fhill Brian ar an óstán bhain sé na seomraí feistis amach agus chonaic sé Roy Keane ann. Dúirt sé leis go raibh a athair agus athair Roy an-chairdiúil lena chéile tráth ach go raibh a athair ag fáil bháis. D’imigh Roy leis agus bhí dreas cainte aige le Bob bocht sula ndeachaigh sé isteach i gcóma. Cailleadh Bob go gairid ina dhiaidh sin.
Cé go raibh Brian agus a mháthair croíbhriste, d’éirigh leis an Teastas Sóisearach a dhéanamh agus ag deireadh mhí an Mheithimh thug sé aghaidh ar Mhanchain arís. Thuig a mháthair agus Imelda go gcaithfeadh sé a uaillmhian a chur i gcrích.
Gluais cailleadh: fuair sé bás uaillmhian a chur i gcrích: mian a shásamh