Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:02 Page 237
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Eibhlín de Lása Ba chailín álainn, do-ghabhála (unattainable) í Eibhlín ach bhí Pól dúnta i ngrá léi.
Cheap Pól go meallfadh sé í nuair a rachadh an scéal amach go raibh sé ina phríomh-ámhránaí leis an racghrúpa Anarchic Tendency.
Nuair a fuair sí amach gur theip orthu ag an gcéad triail éisteachta a bhí acu, thosaigh sí ag spochadh as Pól.
Is dóite a ghoill a cuid focal air ach mar a deir an seanfhocal – is dall é galar an ghrá!
George Sands Bhí George Sands i láthair mar mholtóir nuair a chuaigh Anarchic Tendency ar a dtriail i Halla Naomh Eoin.
Rinne siad iarracht dul i bhfeidhm air ach cheap sé nach raibh a gcuid ceoil thar mholadh beirte.
Ní mó ná sásta a bhí sé le Anarchic Tendency agus níor chuir sé fiacail ann nuair a bhí deireadh ráite acu.
Thuig an grúpa ar an bpointe nach bhfaighidís conradh taifeadta uaidh go deo.
Na mothúcháin sa scéal Tá réimse leathan mothúchán sa scéal seo. Ar ndóigh, tá cúrsaí grá sa scéal, ach tá gliondar, díomá, fearg agus náire ann freisin.
Bhí Pól Ó Riain splanctha i ndiaidh Eibhlín de Lása ach ní raibh aon spéis aici ann. Rinne sé a sheacht ndícheall an cailín gleoite seo a mhealladh ach ba shaothar in aisce é. Bhí sí do-ghabhála.
Bhí gliondar ar Phól nuair a d’iarr Peadar agus Seán air a bheith ina phríomh- amhránaí sa racghrúpa, Anarchic Tendency. Cheap sé go rachadh an t-eolas sin i gcion ar Eibhlín ach bhí dul amú air.
Bhí an-díomá ar bhaill an ghrúpa nuair a theip orthu ag an triail éisteachta a rinne siad do George Sands. Bhí sé ina chogadh dearg idir Pól agus na deartháireacha dá dheasca sin. Chuir Pól an milleán ar Pheadar ach mhaígh seisean agus a dheartháir Seán, gurbh é guth ard míbhinn Phóil a mhill an triail orthu.
Nuair a bhuail Pól le hEibhlín ag an dioscó an oíche dar gcionn, las sé go bun na gcluas leis an náire nuair a dúirt sí leis gur chuala sí ag dul thairsti gur caitheadh amach as an racghrúpa é.