Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:54 Page 54
Aonad a dó |Mo cheantar féin
B. Tascanna gramadaí (Trialacha Teanga Comhthéacsúla Cuid B Páipéar 1)
Tasc 1: Aimsigh dhá shampla den Tuiseal Ginideach sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _______________________ 2. (Alt ) ___________________ Tasc 2: Aimsigh samplaí d’aidiachtaí sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _______________________ 2. (Alt ) ___________________
Tasc 3: Aimsigh ainmfhocail (1) san uimhir uatha agus (2) san uimhir iolra sa phíosa.
Do fhreagraí: 1. (Alt ) _______________________ 2. (Alt ) ___________________ Nóta: Cabhróidh na nótaí gramadaí atá san Aonad seo agus in Aonad a naoi leis an dalta na tascanna a chomhlíonadh.
Léamhthuiscint 2 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Fiona Ní Dhomhnaill
Fiona Ní Dhomhnaill an t-ainm atá ormsa agus is as Oileán Thoraí mé. Tá an t-oileán seo suite trí déag ciliméadar ó thuaidh ó chósta Dhún na nGall. Tá sé ceithre chiliméadar go leith ar fad agus trí chiliméadar ar leithead. Deir roinnt daoine gurb áit iargúlta í ach ní thagaim leo ar chor ar bith!
Tá teach lóistín ag mo thuismitheoirí ar an oileán. Tá ceathrar deartháireacha agam agus is mise an duine is óige. Tá siad ar fad ag déanamh staidéir in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus ní fhilleann siad abhaile go minic mar bíonn orthu a lán staidéir a dhéanamh dá gcuid scrúduithe. Beidh an Teastas Sóisearach á dhéanamh agam féin i mbliana.
Taitníonn muintir Thoraí go mór liom mar is daoine cairdiúla iad agus bíonn orthu cur suas leis an drochaimsir agus uaireanta le turasóirí glóracha! Tá dúil mhór ag na hoileánaigh sa cheol agus tá traidisiún amhránaíochta fós beo agus bríomhar ann. Tá bród orm go bhfuil an Ghaeilge á labhairt fós mar theanga bheo ag go leor daoine ar Thoraí.
Tá comharchumann ar an oileán a dhéanann freastal ar riachtanais an phobail. Eagraíonn baill an chomharchumainn imeachtaí sóisialta i rith na bliana ar nós bingo agus céilithe. Déanann siad a ndícheall níos mó turasóirí a mhealladh chuig an oileán.