• Is é an tuiseal ginideach iolra a leanann na huimhreacha pearsanta. • Ní mór duit séimhiú (h) a chur ar an bhfocal a leanann beirt. Mar shampla, (beirt fhilí) ach amháin ar na consain d, s nó t.
• Ní chuirtear séimhiú ná urú tar éis na n-uimhreacha pearsanta 3-10 ach cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal tar éis 11, 13-16 agus cuirtear urú ar an ainmfhocal tar éis 17-19.
• I gcás na n-uimhreacha pearsanta 11 agus 13–19, cuirtear séimhiú ar an bhfocal déag. Trialacha Teanga Comhthéacsúla – Cuid B
Ceisteanna scrúdaithe samplacha 1. Cailleadh (9) i dtimpistí ar bhóithre na hÉireann inné. 2. Cuireadh (3) imreoirí den pháirc i gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh inné.
3. Rug na Gardaí ar (4) fear a bhí ag goid earraí ar Shráid Grafton ag an deireadh seachtaine.
42
4. D’éirigh le (5) i mo rang grád A a ghnóthú i scrúdú matamaitice na Nollag. 5. Tugadh ‘Saoirse na Cathrach’ do (2) bhan i mBaile Átha Cliath inné. 6. Maraíodh (10) i dtimpistí inné. 7. Tá (8) i dteaghlach mo charad. 8. Tá (7) iníonacha ag m’aintín. 9. Tá (2)mhúinteoirí nua sa scoil i mbliana. 10. Chuir an príomhoide (6) daltaí ar fionraí inné.
11. aon duine dhéag 12. dháréag 13. trí dhuine dhéag 14. ceithre dhuine dhéag 15. cúig dhuine dhéag 16. sé dhuine dhéag 17. seacht nduine dhéag 18. ocht nduine dhéag 19. naoi nduine dhéag 20. fiche duine
21. duine is fiche 22. beirt is fiche 23. trí dhuine is fiche 24. ceithre dhuine is fiche 25. cúig dhuine is fiche 26. sé dhuine is fiche 27. seacht nduine is fiche 28. ocht nduine is fiche 29. naoi nduine is fiche 30. tríocha duine, srl . . .