Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:19 Page 353
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine
Céim a dó Cleachtaí léamhthuisceana agus tascanna gramadaí Léamhthuiscint 1 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Dearbháil Ní Sheachnasaigh
Dearbháil Ní Sheachnasaigh is ainm domsa. Táim cúig bliana déag d’aois. Rugadh agus tógadh mé i mBré i gContae Chill Mhantáin. Tá ceathrar i mo theaghlach – m’athair, mo mháthair, mo dheirfiúr Caoimhe, agus mé féin. Tá Caoimhe trí bliana níos sine ná mé agus tá sí sa chéad bhliain i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Is deacair a chreidiúint go mbeidh sí ina múinteoir bunscoile i gceann dhá bhliain eile! Táim sa tríú bliain sa phobalscoil anseo i mBré. Is scoil mheasctha í agus tá breis is sé chéad dalta ag freastal uirthi.
Is tógálaí é m’athair agus oibríonn sé le comhlacht tógála sa bhaile seo. Is gníomhaire taistil í mo mháthair agus tá gnólacht dá cuid féin aici i mBaile Átha Cliath. Tugaim cabhair di ag an deireadh seachtaine má bhím saor mar tá staidéar á dhéanamh agam don Teastas Sóisearach i láthair na huaire.
Thar aon rud eile, is breá liom laethanta saoire an tsamhraidh mar bím saor ón scoil, ón staidéar agus ón obair bhaile. Táim féin an-tugtha don taisteal agus measaim nach bhfuil oideachas níos fearr ar domhan ná é. Is iad na tíortha ar thug mé cuairt orthu cheana féin ná Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus an Tuirc. Chaith mé laethanta geala sona ag campáil le mo theaghlach sa Fhrainc anuraidh freisin. Beidh mé ag dul ar thuras scoile go dtí an Iodáil an bhliain seo chugainn nuair a bheidh mé san Idirbhliain. Táim ag tnúth go mór leis sin.
Tá sé i gceist agam freastal ar choláiste samhraidh i nGaeltacht Chonamara nuair a bheidh na scrúduithe thart mar bhí mé ann anuraidh agus tá rún agam dul ar ais arís agus arís eile! Más mór agatsa áilleacht agus draíocht na tuaithe, ardaigh do sheolta chuig ceantar Gaeltachta – ní bheidh aiféala ort!
Gluais
táim féin an-tugtha don taisteal: is breá liom a bheith ag taisteal ag tnúth go mór leis: ag súil go mór leis thart: críochnaithe ardaigh do sheolta: téigh chuig aiféala: brón