Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:15 Page 267
Aonad a sé | Na Meáin Chumarsáide
Charlie and the Chocolate Factory (2005) agus Sweeney Todd sa bhliain 2007. Dúirt Burton nár chuir sé roimhe aithris a dhéanamh ar an gcéad scannán a rinne Mel Stuart. Tá leagan Burton níos dílse do leabhar Dahl agus cé go bhfuil Depp chomh greannmhar le Wilder i bpáirt Wonka, tá tréithe aisteacha, rúndiamhracha ag baint leis chomh maith. Tugtar níos mó eolais dúinn sa dara scannán faoi óige Wonka féin agus faoin ngaol a bhí aige lena athair.
Gluais n’fheadar: níl a fhios agam i gcion: bhí tionchar aige ar dhaoine go seoigh: bhí sé go hiontach cailleadh í: fuair sí bás a mhúsclaíonn: a dhúisíonn dailtíní: páistí atá an-dána aithris a dhéanamh: a bheith ag cóipeáil rúndiamhracha: mistéireacha
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. (a) Cé a scríobh an leabhar, Charlie and the Chocolate Factory? (b) Cathain a foilsíodh é?
2. (a) ‘Ní thar oíche a bhain sé cáil amach.’ Cad atá i gceist ag an údar leis an abairt seo?
(b) Cén bhaint atá ag Gene Wilder le hÉirinn?
3. Breac síos dhá phointe eolais faoin gcúigear páistí a chastar orainn sa dá scannán.
4. (a) Cén fáth a raibh suim ag Johnny Depp i bpearsa Willy Wonka? (b) Ainmnigh na scannáin atá déanta ag Johnny Depp le Tim Burton.
5. (a) Cad é an rud nár chuir Burton roimhe nuair a rinne sé a leagan féin de leabhar Dahl?
(b) Breac síos dhá dhifríocht atá idir na scannáin a rinne Mel Stuart agus Tim Burton.
B. Líon na bearnaí trí úsáid a bhaint as na focail thíos. 1. Is aoibhinn liom amhráin 2. Castar carachtair
5. Is maith le Conchúr air amhrán a chanadh.
neart mothúchán ionam. orainn sna scannáin Lord of the Rings.
3. Bhí mé an-cheanúil ar mo Mhamó agus bhí mé ag gol nuair a 4.
6. Chuaigh an dán Gaeilge a léigh mé ar scoil inné scríobh mé litir chuig an bhfile a chum é.
7. Bhí an siopadóir ag gearán faoi na 8. Tá Tobey Maguire
i bpáirt Spiderman. dailtíní – a mhúsclaíonn – go seoigh – n’fheadar – cailleadh í – aithris a dhéanamh – i gcion – rúndiamhracha 267 . an mbeidh mé ag an gcéilí anocht mar nílim ar fónamh. ar an amhránaí Justin Timberlake nuair a iarrtar go mór orm agus a bhris fuinneog an tsiopa.