Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:01 Page 228
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Freagra samplach
iRinne mé staidéar ar an dán Stradivarius le Seán Mac Fheorais agus braithim go mbaineann an dán seo le (a) téama an cheoil.
iiTugann an file cur síos sa dán seo ar eachtra a tharla lá amháin i siopa sean-earraí. Bhí an veidhleadóir cáiliúil ón Ostair, Fritz Kreisler, ag cuardach earraí ann nuair a thug sé seanveidhlín faoi deara. Ba léir nár seinneadh an uirlis cheoil leis na cianta mar bhí sé clúdaithe le deannach:
Go bhfaca Kreisler seanveidhlín Faoi smúit na mblian ’na luí.
Cé go raibh cur amach ag Kreisler ar veidhlíní luachmhara, níor lig sé aon rud air nuair a cheistigh sé an siopadóir faoi luach an veidhlín. Is cosúil gur aithin an siopadóir Kreisler mar mhol sé dó é a chasadh le go bhfaigheadh sé amach arbh fhiú puinn é. Sheinn sé streancán magúil mear (píosa ceoil tapaidh) ar dtús agus seantiúin uaigneach mall ina dhiaidh sin.
Is léir go raibh féith an cheoil i Kreisler mar ba gheall le fear draíochta é a raibh daoine faoi gheasa ag an gceol draíochta a bhí á sheinm aige. Cuireann an file an draíocht a bhain le ceol Kreisler in iúl le roinnt íomhánna láidre. Ba bheag nár mhúscail sé na mairbh nuair a sheinn sé a cheol draíochta go mothálach:
Ag triall ón uaigh do phlódaigh slua Nuair ghlaoigh an seanveidhlín.
Chuaigh a chuid ceoil i gcion ar dhaoine a bhí beo freisin mar deir an file gur cuireadh ionadh orthu nuair a chuala siad é:
Lasmuigh sa ród do stad an glór, Gach beo faoi dhraíocht sa gceol,
Do thost gach céim, do reoigh gach béal Is cheolaigh sárcheoltóir.
Nuair a stop an ceol, lean saol fuadrach glórach an bhaile mhóir ar aghaidh arís. Is léir go raibh cluas mhaith ag an siopadóir don cheol agus gur thuig sé go maith go gcaithfeadh sé an veidhlín a bhronnadh ar an gceoltóir cumasach seo a d’aimsigh é ‘trí sheans mall Dé.’ Dá mbeadh an veidhlín ina sheilbh ag Kreisler, ní bheadh sé díomhaoin ‘faoi smúit na mblian’ a thuilleadh:
Ní cuí a choimeád anseo ’na thost, Ach buanaigh air do cheol.