Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:00 Page 199
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Céim a dó Cleachtaí léamhthuisceana agus tascanna gramadaí
Léamhthuiscint 1 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Áine Nic Craith
Áine Nic Craith an t-ainm atá orm agus tá cónaí orm i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge. Tá Coláiste na Rinne i ngar domo theach cónaithe féin. Tagann scoláirí ó chian is ó chóngar chuig cúrsaí Gaeilge sa choláiste agus fanann cuid acu sa teach lóistín seo againne.
Tá cúigear ar fad i mo theaghlach: m’athair, mo mháthair agus mo bheirt deartháireacha. Is ceoltóir den scoth é m’athair agus seinneann sé an bosca ceoil leis an mbanna ceoil Seanchas sna tithe ósta áitiúla. Seinneann mo dheartháir, Éamonn, na píobaí uilleann agus seinneann Colm an consairtín agus an fheadóg stáin.
Seinnim féin an fhidil agus an fheadóg mhór agus ghlac mé páirt i gcomórtas ceoil den chéad uair nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois. Níor éirigh liom bonn a bhuachaint an babhta sin ach tháinig mé sa dara háit an bhliain dar gcionn.
Nuair a thosaigh mé sa mheánscoil trí bliana ó shin, mhúscail mo mhúinteoir ceoil spéis sa cheol clasaiceach ionam agus thosaigh mé ag casadh le ceolfhoireann na scoile. Sheinn mé leo go poiblí i Séipéal San Nioclás um Nollaig agus dúradh liom go raibh an lucht éisteachta faoi dhraíocht ag an gceol álainn a bhí á chasadh againn dóibh.
D’eagraigh an múinteoir ceoil turas lae go dtí an Ceoláras Náisiúnta coicís ó shin. Bhí Ceolfhoireann Shiansach RTÉ ag seinm ann agus bhí siad thar na bearta.
Ba é buaicphointe na scoilbhliana do na daltaí ceoil ná an turas scoile go Salzburg san Ostair um Cháisc. Thugamar cuairt ar áit bhreithe an chumadóra, Wolfgang Amadeus Mozart, le linn an turais.
Éistim go rialta leis na cláracha raidió Cas Ceirnín agus Togha agus Rogha a bhíonn á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta.
Gluais i ngar do: cóngarach do
ó chian is ó chóngar: as gach cearn den tír den scoth: iontach thar na bearta: ar fheabhas buaicphointe: an chuid is fearr