Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 112
Aonad a trí | Ar scoil
Deich gceist ar fad a chuirfidh an t-iarrthóir. Ceisteanna Samplacha 1. Cén sórt club é seo? 2. Cá bhfuil an club óige seo suite? 3. Cén aois atá ag na páistí atá páirteach sa chlub? Cad is aois do na páistí atá sa chlub? 4. An mbíonn an-chuid imeachtaí ar siúl sa chlub? 5. An imríonn sibh cluichí páirce sa chlub seo? 6. An féidir le baill an chlub seo spóirt uisce a imirt? 7. An féidir drámaíocht a dhéanamh? 8. An mbíonn dioscónna ar siúl sa chlub seo? 9. An féidir le baill an chlub snúcar a imirt? 10. An mbíonn beárbaiciú ar siúl sa chlub go rialta?/Cathain a bhíonn an beárbaiciú ar siúl?
11. Cad é an táille ballraíochta? 12. An mbíonn an club ar oscailt gach oíche? 13. Cén t-am a osclaíonn an club gach oíche? 14. Cén t-am a dhúntar an club gach oíche? 15. Cé hí Cáit Ní Néill? Cad is ainm do rúnaí an chlub? Cén bhaint atá ag Cáit Ní Néill leis an gclub?
16. Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin gclub? 17. Cad é an uimhir theileafóin? 18. An bhfuil suíomh gréasáin ag an gclub?/Cad é an seoladh gréasáin atá ag an gclub?
Litir phearsanta Bhí do thuismitheoirí as baile ar laethanta saoire nuair a tháinig do thuarascáil scoile go dtí do theach. Bhí torthaí scrúduithe na Nollag, mar aon le tuairimí na múinteoirí agus an phríomhoide fút, sa tuarascáil. Scríobh an litir a chuirfeá chuig do thuismitheoirí ag insint dóibh i dtaobh a raibh sa tuarascáil.
I do litir luaigh: • conas a bhí na torthaí i gcoitinne agat
• ábhar amháin a ndearna tú go maith ann agus tuairim an mhúinteora fút san ábhar sin
• ábhar amháin nach ndearna tú go maith ann agus leithscéal éigin atá agat
Beatha agus sláinte! Tá súil agam go bhfuil sibh go maith agus go bhfuil sibh ag baint taitnimh as an sos. Mar is eol daoibh buaileadh breoite mé sular thosaigh scrúduithe na Nollag agus ní raibh mé istigh liom féin dá dheasca sin. Mhol Aintín Máire dom fanacht sa bhaile léi ach ní ligfinn don tinneas goile an lámh in uachtar a fháil orm.