Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 117
Aonad a trí | Ar scoil
Tá dealramh ag an gcomórtas scannán de chuid TG4 le Form and Fusion sa mhéid is go dtugtar deis iontach do na daltaí iad féin a chur in iúl trí imlíne scéil agus script scannáin ar a rogha ábhar a chur chuig TG4. Ansin roghnaítear gearrliosta scripteanna agus cuireann TG4 stiúrthóir agus criú scannán ar fáil a chuidíonn leis na daltaí scannáin a dhéanamh de na scripteanna sin. Pléitear téamaí eagsúla sna scannáin seo ar nós saol na scoile, cúrsaí grá, fadhbanna teaghlaigh, agus mar sin de. Roghnaítear buaiteoirí náisiúnta agus bíonn deis acu taisteal chuig an bhFéile Idirnáisiúnta Scannán Ciak Junior san Iodáil. D’éirigh le dhá mheánscoil Éireannacha an phríomhdhuais a thabhairt leo ag an bhFéile cheana féin.
Gluais dealramh: cosúlacht
a thabhairt leo: a bhuachaint
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. (a) Cén fáth a bhfáiltíonn múinteoirí agus tuismitheoirí roimh chomórtais ar nós Form and Fusion agus Ciak?
(b) Conas a oireann na comórtais seo do dhaltaí na hidirbhliana?
2. Cé a bhíonn ag reáchtáil an chomórtais Form and Fusion i scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre?
3. (a) Cad a bhíonn le déanamh ag na daltaí sula gcuireann siad a gcultacha i láthair?
(b) Tabhair cuntas gearr ar an gcineál ábhair a bhíonn á úsáid ag na daltaí.
4. (a) Cad a iarrtar ar na daltaí a chur chuig TG4 mar chuid den Chomórtas Scannán?
(b) Cad a chuireann TG4 ar fáil do na scoileanna a bhíonn ar an ngearrliosta?
5. (a) Cén sórt téamaí a bhíonn á bplé sna scannáin a dhéanann na daltaí?
(b) Cad a thug dhá scoil Éireannacha leo ag an bhFéile Idirnáisiúnta Scannán san Iodáil?