Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:21 Page 393
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine
Cleachtaí A. Déan claoninsint ar na habairtí seo a leanas ag tosú le ‘Deir Conchúr le Deirdre’. 1. ‘Baileoidh an múinteoir na cóipleabhair amárach.’
2. ‘Ceannóidh mé an sciorta sin don dioscó.’ 3. ‘Cóiríonn Síle a leaba sula dtéann sí ar scoil.’ 4. ‘Níor dhíol sí an teach mí ó shin.’ 5. ‘Ní fheicfidh mé mo chairde go ceann seachtaine eile.’ 6. ‘Ní ghlacann an múinteoir le leithscéalta áiféiseacha.’
B. Déan claoninsint ar na habairtí seo a leanas ag tosú le ‘Deir Conchúr le Deirdre’. 1. ‘Beidh mé ag bualadh le Síofra ag an bpictiúrlann.’
2. ‘Ullmhóidh mo mháthair béile blasta dúinn.’ 3. ‘Déarfaidh mé le Cáit go bhfeicfidh mé í ag an gcéilí.’ 4. ‘Oibreoidh mé go dian sa bhialann.’ 5. ‘Déanfaidh sé a dhícheall sa scrúdú.’ 6. ‘D’fhill a athair abhaile go luath.’
An Aimsir Chaite Má chuirtear briathar san Aimsir Chaite roimh insint dhíreach, caithfear na haimsirí a athrú mar seo a leanas: Caint dhíreach
C. Déan claoninsint ar na habairtí seo a leanas ag tosú le ‘Dúirt Conchúr le Deirdre’. 1. ‘Fuair mé cuireadh chuig cóisir Aoife inné ach ní bhfuair mé bronntanas di fós.’ 2. ‘Inseoidh sé an fhírinne di.’ 3. ‘Ní dheachaigh mé abhaile tar éis scoile arú inné agus bhí mo mháthair ar buile.’ 4. ‘Cuimhneoidh mé ar mo chairde lá na scrúduithe.’ 5. ‘Níl mé ar fónamh agus ní bheidh mé ag dul ar scoil amárach.’ 6. ‘Dúirt an dochtúir liom go raibh feabhas ag teacht ar mo sheanathair.’ 7. ‘Bhris mé cos liom nuair a thit mé de mo rothar.’