Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:16 Page 280
Aonad a sé | Na Meáin Chumarsáide isteach i seomra Bheatrix agus dá bhrí sin ní fhaca siad riamh é.
Bhí níos mó spéise ag Beatrix sna hainmhithe beaga seo ná mar a bhí aici i ndaoine. Uaireanta thugadh a col ceathracha cuireadh di dul chuig cóisir ina dteach siúd. Chaitheadh Beatrix bhocht cúpla uair an chloig ina suí sa chúinne. Ní labhraíodh sí le duine ar bith. Ní dhéanadh sí damhsa le haon duine. Ansin a luaithe is a bhíodh sí in ann éalú théadh sí abhaile chuig a cairde féin. Istigh ina seomra féin arís bhíodh sí breá sásta agus í ag péinteáil pictiúr dá peataí beaga nó ag cumadh scéalta fúthu.
Ba iad na hainmhithe beaga seo na cairde a thugadh pléisiúr do Bheatrix Potter – agus fós, tá na hainmhithe céanna sna leabhair chéanna ag tabhairt pléisiúir do pháistí óga ar fud an domhain.
Líon na bearnaí trí úsáid a bhaint as na focail/na nathanna thíos.
1. Dá gcloisfeadh mo thuismitheoirí gur theip orm sa scrúdú .
2. Ní labhraíonn Seán le haon duine mar tá sé 3.
. 4. Is buachaill dathúil é Seán agus tá Fionnuala
6. Is maith liom sobaldrámaí, 7. Ghlan an
a scóráil na himreoirí cúil mar bhí siad go dona. .
5. Bhí brón orm nuair a cailleadh mo sheanmháthair mar bhí mé .
Ros na Rún.
8. Bhí áthas orm nuair a tháinig timpiste.
an teach mór galánta ó bhun go barr. ar Áine tar éis na
mór léi – biseach – b’annamh – cailín aimsire – an-tógtha leis – an-chúthail – go háirithe – bheidís ar buile
Staidéar ar an scéal Tugtar cuntas dúinn anseo ar shaol Beatrix Potter. B’údar bisiúil í a chum 23 scéal ar fad do pháistí. Léirítear dúinn nár chaith a tuismitheoirí féin go maith léi i gcónaí agus go raibh sí an-uaigneach le linn a hóige. Fuair Beatrix faoiseamh ón uaigneas sin i rith an tsamhraidh nuair a chuaigh sí ar saoire go hAlbain lena muintir. Is ann a chuir sí eolas ar ainmhithe feirme agus coille agus ar ghnéithe eile den dúlra. Thug na hainmhithe céanna pléisiúr di agus fuair sí inspioráid uathu neart scéalta a chumadh. Bhí an-díol ar na scéalta céanna agus bhain sí cáil amach mar údar do pháistí beaga. Tugann a cuid leabhar pléisiúr do pháistí beaga ar fud an domhain fós.