Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 324
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu “Cá raibh mé?” a dúirt sí.
Rinne sí iarracht cuimhniú siar. Rinne sí casacht bheag agus shuigh sí suas díreach. Bhí sí neirbhíseach. “Ar an deichiú lá de mhí Bealtaine na bliana seo caite.” D’éirigh sí agus chuaigh sí sall go dtí an tarraiceán inár choimeád sí cáipéisí an ghailearaí ón mbliain roimhe sin. Níor bhog an bleachtaire, ach d’fhan sé mar a bheadh saighdiúir, ina shuí i gcathaoir an chuairteora, ag breathnú go géar uirthi.
Mhothaigh Sorcha a shúile ar a droim. Bhraith sí a muineál ag éirí dearg. Ní raibh aon rud sa tarraiceán. Cá raibh na cáipéisí ar fad? Bhí a fhios aici go raibh rud éigin bun os cionn anois. Chas sí ar ais air.
“Tá na litreacha ón tréimhse sin sciobtha ag duine éigin. Níl aon rud anseo faoi mhí Bealtaine ná faoi mhí an Mheithimh. Caife?”
Fuair sí cupán caife di féin agus don Ollannach, fad is a bhí sí ina seasamh. Shiúil sí trasna go dtí a cathaoir. Shuigh sí síos agus thosnaigh sí ag insint an scéil dó.
“Is cuimhin liom go rabhamar ag ullmhú do thaispeántas Picasso. Bhíomar an-ghnóthach,” a dúirt sí leis. Stad sí. Smaoinigh sí ar an bpictiúr breise a bhí ar crochadh ina seomra suite sa bhaile. Dúirt Dáithí léi gan aon rud a rá faoi. Ar chóir di a insint don strainséir seo go raibh sé aici? Ní déarfadh sí aon rud anois. Am éigin eile, b’fhéidir.
“Bhí gach duine ag obair go dian. Bhí Dáithí i gceannas orainn. Bhí sé dian ar gach duine ach bhí gach duine sásta obair a dhéanamh mar bhí pictiúir Picasso an-tábhachtach.”
“Cad é an gaol a bhí agat le Dáithí?” a d’fhiafraigh an cigire di. “Bhíomar an-mhór le chéile i gcónaí.” “An raibh Nicola agus Dáithí mór le chéile?”
“Bhí gaol éigin eatarthu ach ní dóigh liom go raibh siad i ngrá le chéile.”
“An-spéisiúil. Ceart go leor. Cad iad na dualgais atá ort i do phost mar chúntóir speisialta ag an ngailearaí?”
“Déanaim teagmháil le healaíontóirí anseo in Éirinn agus ar mhór-roinn na hEorpa. Eagraím taispeántais. Déanaim teagmháil le comhlachtaí gnó agus iarraim orthu urraíocht a