Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:54 Page 46
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach Trialacha Teanga Comhthéacsúla – Cuid B
Ceisteanna scrúdaithe samplacha Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní. 1. Beidh mé (15) d’aois ar an gcéad lá de mhí an Mheithimh. 2. Beidh (80 bliain) slánaithe ag mo sheanathair i gceann míosa. 3. Tá mo chara (13 bliain) d’aois. 4. Bhí mo mháthair (40 bliain) d’aois ar an Domhnach seo caite. 5. Tá seanathair mo charad (100 bliain) d’aois. 6. Bhí mo mháthair (20 bliain) d’aois nuair a bhain sí céim amach san ollscoil. 7. Tá formhór na ndaltaí atá sa chéad bhliain (12 bliain) d’aois. 8. Deir mo thuismitheoirí liom gur thosaigh mé ag siúl nuair a bhí mé (2 bliain) d’aois. 9. Chaith mé (3 bliain) de mo shaol i Londain. 10. Thosaigh Wayne Rooney ag imirt le Manchester United nuair a bhí sé (18 bliain) d’aois.
Na hOrduimhreacha Consan
an chéad cheann an dara ceann an tríú ceann
an ceathrú ceann an cúigiú ceann an séú ceann
an seachtú ceann an t-ochtú ceann an naoú ceann an deichiú ceann
Guta
an chéad áit an dara háit an tríú háit
an ceathrú háit an cúigiú háit an séú háit
an seachtú háit an t-ochtú háit an naoú háit
an deichiú háit
Trialacha Teanga Comhthéacsúla – Cuid B Ceisteanna scrúdaithe samplacha
Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní.
1. Thaitin an chéad (bliain) sa mheánscoil go mór liom. 2. Ní mó ná sásta a bhí mé nuair a tháinig mé sa chúigiú (áit) sa rás céad méadar. 3. Bhí mé ag éirí tinn nuair a d’ith mé an deichiú (ceapaire). 4. Sin é an séú (aiste) a tugadh dúinn ó thosaigh an téarma nua.
5. Is amhránaí maith í Máire agus d’éirigh léi an tríú (duais) a bhuachaint i gcomórtas amhránaíochta le déanaí.
6. Bhí ar mo chara an chéad (uair) a chaitheamh ag obair sa siopa agus bhí ormsa an dara (uair) a dhéanamh ina dhiaidh.