Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:16 Page 269
Aonad a sé | Na Meáin Chumarsáide
duaiseanna éagsúla á mbuachaint aici. Bhuaigh sí Gradam Leabhar Nestlé Smarties chomh maith le Gradam Leabhar Briotanach agus Gradam Whitbread sa rannóg Leabhair do Pháistí.
Faoin mbliain 2007 bhí seacht leabhar sa tsraith Harry Potter foilsithe ag an údar bisiúil. Rinneadh scannáin den chuid is mó de na leabhair sin agus d’éirigh go geal leo i bpictiúrlanna ar fud an domhain.
Gluais saolaíodh: rugadh asarlaí: draíodóir, fear draíochta is rathúla: tá ag éirí níos fearr léi ná aon duine eile d’aistrigh: bhog a cailleadh: a fuair bás olc an úsáid: bhíodar gránna leis theith sé: d’éalaigh sé údar bisiúil: duine a scríobhann an-chuid leabhar d’éirigh go geal leo: bhí an-díol ar thicéid
Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. (a) Cár rugadh J.K. Rowling agus cárbh as dá tuismitheoirí?
(b) Cén fáth nach ndearna sí dearmad riamh ar na comharsana béal dorais a bhí aici i Winterbourne?
2. (a) Breac síos dhá phointe eolais faoi scolaíocht an údair seo. (b) Cén sórt oibre a rinne sí le Amnesty International?
3. (a) Breac síos dhá phointe eolais faoin am a chaith Rowling sa Phortaingéil. (b) Conas a chuidigh an comhlacht foilsitheoireachta Bloomsbury le Rowling? 4. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó?
‘Níor chaith a ghaolta go maith le Harry.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 = Alt 5 =
5. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó? ‘Is iomaí duais liteartha atá buaite ag J.K. Rowling.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 = Alt 5 =