Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:17 Page 312
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
Céim a sé Cleachtaí léamhthuisceana – Ceisteanna Scrúdaithe
Léamhthuisicint 1 Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Barnardo’s R
Thosaigh an charthanacht Barnardo’s ag obair le páistí agus le teaghlaigh in Éirinn sa bhliain 1962. Tá fás as cuimse tagtha ar Barnardo’s Phoblacht na hÉireann ó shin. Sa bhliain
2005 sheol
Barnardo’s plean dhá bhliain déag a bhfuil sé mar aidhm aige féachaint chuige go mbeadh Éire ar an tír is fearr ar domhan le bheith i do pháiste. Chuir an plean áirithe seo béim faoi leith ar pháistí atá i mbaol.
Cuidíonn Barnardo’s le páistí agus lena dteaghlaigh fadhbanna éagsúla a shárú agus tugtar dóchas agus misneach dóibh don todhchaí. Is iad na fadhbanna a bhíonn i gceist ná: an bhochtaineacht, mí-úsáid pháistí, páistí a bhfuil faillí á dhéanamh orthu sa bhaile, páistí a bhfuil a dtuismitheoirí gafa ag cultúr na ndrugaí agus an óil agus páistí a bhfuil duine nó daoine atá ar a n-aithne tar éis bás a fháil. Ó thaobh oideachais de, tugann Barnardo’s tacaíocht do pháistí nach n-éiríonn leo freastal ar mheánscoil agus do pháistí nach bhfuil léamh ná scríobh acu.
312
ugadh Thomas Barnardo i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1845. D’aistrigh sé go Londain sa bhliain 1866 agus chuaigh sé i mbun oibre mar dhochtúir ann. Bhí sé ar
intinn aige dul go dtí an tSín mar mhisinéir ach níor fhág sé Londain toisc gur ghoill bochtaineacht na bpáistí sa chathair sin go mór air. Ba é mian a chroí cuidiú leis na páistí sin, agus faoin am a bhásaigh sé sa bhliain 1905, bhí an-chuid tithe cónaithe bunaithe aige do pháistí bochta sa Bhreatain agus ar fud na cruinne.