Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 114
Aonad a trí | Ar scoil
B. Bhí tú i dtrioblóid ar scoil fad a bhí do thuismitheoirí as baile. Scríobh litir chucu ag insint dóibh cad a tharla.
I do litir luaigh: • an fáth a raibh tú i dtrioblóid • an pionós a cuireadh ort • dhá chúis nach raibh tú róshásta leis an bpionós • pointe ar bith eile i dtaobh na trioblóide.
C. Bhí tú ar thuras scoile le déanaí. Scríobh litir chuig cara leat ag insint dó/di i dtaobh an turais.
I do litir luaigh: • an áit/na háiteanna ina raibh tú • an turas féin • dhá rud spéisiúla a tharla le linn an turais • conas a mhothaigh tú nuair a tháinig tú abhaile.
Litreacha foirmeálta
A. Tá múinteoir Gaeilge do rangsa san ospidéal de thoradh timpiste a bhain dó/di. Iarrtar ortsa litir a chur chuige/chuici thar ceann an ranga ar fad.
Sa litir sin luaigh: • mar a mhothaíonn sibh uile faoin scéal
• rud éigin faoin timpiste a bhain don mhúinteoir • rud éigin faoin múinteoir nua Gaeilge atá agaibh • eachtra ghreannmhar a tharla sa scoil.
B. Léigh tú litir i nuachtán le déanaí a dúirt go raibh laethanta saoire scoile an tsamhraidh rófhada. Scríobh litir chuig eagarthóir an nuachtáin sin i dtaobh a raibh sa litir sin.
I do litir luaigh: • dhá argóint a bhí sa litir nach n-aontaíonn tú leo
• dhá argóint eile uait féin i bhfábhar laethanta saoire mar atá siad
• rud amháin eile a dúradh sa litir a chuir fearg ort. 114