Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:19 Page 354
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine A. Freagair na ceisteanna seo a leanas.
1. Cén aois í Dearbháil? 2. Cad as di? 3. Cad atá á dhéanamh ag a deirfiúr i Luimneach? 4. Cá bhfuil Dearbháil ag dul ar scoil? 5. Cé mhéad dalta atá sa scoil? 6. Cén post atá ag a máthair? 7. Cén fáth a dtaitníonn laethanta saoire an tsamhraidh go mór le Dearbháil? 8. Cad iad na tíortha ar thug sí cuairt orthu cheana féin? 9. Cá mbeidh Dearbháil ag dul ar thuras scoile an bhliain seo chugainn?
10. Cad atá i gceist aici a dhéanamh nuair a bheidh scrúduithe an Teastais Shóisearaigh thart?
B. Tascanna gramadaí (Trialacha Teanga Comhthéacsúla Cuid B Páipéar 1)
Tasc 1: Aimsigh dhá shampla denTuiseal Ginideach sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _____________ 2. (Alt ) _________
Tasc 2: Aimsigh samplaí d’aidiachtaí sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _____________ 2. (Alt ) _________
Tasc 3: Aimsigh ainmfhocail (1) san uimhir uatha agus (2) san uimhir iolra sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _____________ 2. (Alt ) _________
Nóta: Cabhróidh na nótaí gramadaí atá in Aonad a dó agus in Aonad a naoi leis an dalta na tascanna a chomhlíonadh.
Léamhthuiscint 2 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis. Scoileanna Glasa na hÉireann
Is iontach go deo é Clár Scoileanna Glasa na hÉireann atá á reáchtáil ag 2,700 scoil in Éirinn i gcomhair leis An Taisce agus leis na húdaráis áitiúla. Cuireadh tús leis an gclár oideachasúil imshaoil seo i scoileanna éagsúla ar fud na cruinne sa bhliain 1994 agus meastar go bhfuil Clár Scoileanna Glasa na hÉireann ar cheann de na cláir is rathúla ar domhan anois.
Baineann na daltaí tairbhe as an gclár ar bhealaí éagsúla. Spreagann
an clár seo daltaí ar fud na tíre le níos mó a fhoghlaim faoin imshaol agus le rud éigin fiúntach a dhéanamh chun é a chaomhnú. Lena chois sin tugtar aitheantas do na scoileanna a dhéanann beart ar son na timpeallachta. Is í an Bhratach Ghlas an gradam is mó cáil ar féidir le scoil a bhaint amach agus