Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:01 Page 212
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Deich gceist ar fad a chuirfidh an t-iarrthóir. Ceisteanna Samplacha 1. Cén sórt aimsire atá i Maidrid faoi láthair? Conas tá an aimsir i Maidrid i láthair na huaire?
2. Cad is ainm don óstán? 3. Cá fhad a bheidh an tsaoire? 4. Cén mhí a bheidh an tsaoire ar siúl? Cén t-am den bhliain a bheidh an tsaoire ar siúl?
5. Cén praghas atá ar an tsaoire? Cé mhéad a bheidh le híoc agam don tsaoire?
6. Cé mhéad duine/ball teaghlaigh atá sa phraghas sin? 7. Cé mhéad duine fásta atá i gceist (curtha san áireamh) sa phraghas sin? 8. Cé mhéad páiste atá i gceist (curtha san áireamh) sa phraghas sin? 9. An bhfuil mórán áiseanna ann? 10. An bhfuil club ann do naíonáin? 11. An bhfuil club ar bith ann do dhéagóirí? 12. An bhfuil seomra cluichí san óstán? 13. An bhfuil bialann san óstán? 14. An bhfuil teilifís satailíte san óstán? 15. An bhfuil aon turais eagraithe? 16. An mbeimid in ann cuairt a thabhairt ar tharbhchomhrac? 17. An féidir linn cuairt a thabhairt ar an Camp Nou? 18. Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil faoin tsaoire? Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin tsaoire?
19. Cad is ainm don ghníomhaire taistil seo? 20. Cén uimhir theileafóin atá agaibh? 21. An bhfuil suíomh gréasáin agaibh? 22. Cad é an seoladh gréasáin?