Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 27
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Paidir Fhada le Dónall Ó Colchúin
Cráifeacht Aingeal Diagacht Dé Buachaill ag guí sa séipéal aréir, Ag iarraidh cúnaimh Mar a bhí i gcónaí Chun Mamaí a thabhairt abhaile slán. Bhí sise tinn Leis an uafás pian Agus na dochtúirí gan dóchas mór
Ach bhí an leaid bocht – Ina scornach bhí tocht – Ag impí Mac Dé is Muire Chóir; Bhí sé ag caint le Dia Go mall san oíche Gan aird aige ar thada, Dúnadh an doras Is fágadh istigh é Agus nach aige a bhí an phaidir fhada.