Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 113
Aonad a trí | Ar scoil
Bhí mé an-bhuartha faoi thorthaí scrúduithe na Nollag. Tháinig mo thuarascáil scoile sa phost maidin inniu agus, ní nach ionadh, bhí cuid acu go dona agus bhí an chuid eile thar barr. D’éirigh liom sa Ghaeilge a bhuíochas sin ar an tréimhse a chaith mé sa Ghaeltacht i rith an tsamhraidh seo caite agus dúirt mo mhúinteoir go raibh feabhas mór ag teacht ar mo chuid aistí agus ar an gcluastuiscint. Fuair mé grád D sa Ghnó agus dúirt mo mhúinteoir go raibh mé corrthónach agus leisciúil sa rang. Dúirt sé, chomh maith, gurb annamh a dhéanaim obair bhaile dó. Níor réitigh an fear sin liom riamh mar is duine cancrach, crosta é. Fuair mé an toradh céanna sa stair ach is maith is eol daoibhse nach bhfuilim go maith chuig an ábhar sin.
Chuir an príomhoide fios orm inniu ag am lóin agus dúirt sí go síleann mo mhúinteoirí gur duine éirimiúil mé agus go ndéanfaidh mé dul chun cinn má théim i ngleic leis an athstaidéar roimh na réamhscrúduithe a bheidh ar siúl i mí Feabhra.
Ní mó ná sásta a bheidh sibh leis seo ar ndóigh agus ní thógfainn oraibh é dá dtabharfadh sibh íde béil dom ar an bhfón nuair a gheobhaidh sibh an litir seo. Bhí eagla orm glaoch a chur oraibh! Geallaim daoibh go ndéanfaidh mé mo sheacht ndícheall as seo amach agus go n-éireoidh go geal liom sna réamhscrúduithe i mí Feabhra. Feicfidh mé sibh i gceann coicíse.
Gluais
Slán, Bhur mac ionúin,
Síomón.
Litreacha pearsanta Cleachtaí breise
A. Tá cara leat ar scoil i dtír eile. Tá a t(h)uismitheoirí ag obair ansin. Fuair tú litir uaidh/uaithi. Scríobh an litir a chuirfeá chuige/chuici mar fhreagra.
an lámh in uachtar a fháil orm: buachaint orm annamh: ní minic
níor réitigh: níor thaitin éirimiúil: cliste
I do litir luaigh:
• scéal mór éigin atá i mbéal an phobail in Éirinn faoi láthair
• scéal éigin i dtaobh do shaoil féin ar scoil • caitheamh aimsire nua atá agat • mar a chaithfidh tú an samhradh.