Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:21 Page 384
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine
Chruthaigh na daoine a bhí buartha faoin truailliú núicléach go raibh an ceart acu nuair a tharla tubaiste i stáisiún núicléach Chernobyl sa Bhelarúis ar an 26 Aibreán 1986. Scaip radaighníomhaíocht mharfach ó Chernobyl ar fhiche faoin gcéad den Bhelarúis agus bhí ar leathmhilliún duine a gceantar dúchais a thréigean. Rinne an radaighníomhaíocht ionsaí millteanach ar an mbáisteach, ar an gcóras uisce, ar an mbia, ar an ithir agus ar shláinte na ndaoine:
Titeann cith i ndiaidh ceatha ón spéir De bhréaga, faoi scamaill gur léir Gur den radaíocht iad, ar an bhféar.
Níl an stáisiún núicléach Sellafield ach seasca míle ó chósta na hÉireann agus deir na saineolaithe linn dá dtarlódh timpiste ann go bhféadfadh sé a bheith deich n-uaire níos measa ná Chernobyl. Níl an tír seo réidh do thubaiste núicléach!
Tá nóta brónach éadóchasach le mothú sa dán nuair a dhéanann an file trácht ar thoradh an truaillithe sa cheathrú véarsa. Luann sé ‘An fharraige ina halltacht tharainn’ agus na daoine bochta atá ag fáil bháis den ailse de dheasca na radaighníomhaíochta:
’Sí ailse an duais, ní ár leas, Agus gan aon éalú as.
Braithim go bhfuil teachtaireacht thábhachtach sa dán seo. Déanann truailliú núicléach an-dochar don chine daonna agus don timpeallacht. Is gá féachaint chuige nach dtarlóidh tubaiste núicléach ar nós Chernobyl arís nó beimid féin agus an chéad ghlúin eile thíos leis i ndeireadh an lae.