Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:17 Page 309
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
Is áis iontach é sin do dhéagóirí na háite mar bíonn neart rudaí le déanamh ann. Tá trí chúirt leadóige agus dhá chúirt cispheile in aice leis an gclubtheach agus nuair a bhíonn an aimsir go dona imrímid cluichí boird nó féachaimid ar fhíseáin laistigh.
Ní bhím bréan den saol i dteach m’uncail riamh. Tá bád iascaigh dá chuid féin aige mar is maith leis éisc úra a sholáthar dá chuid custaiméirí. Beidh lá saor agam Dé Céadaoin seo chugainn agus gheall sé dom go rachaimis ag iascaireacht sa bhád. Táim ag súil go mór leis an turas sin.
Caithfidh mé slán a fhágáil agat anois. Ná dearmad litir a chur chugam agus abair le Ruaidhrí agus Sinéad go raibh mé ag cur a dtuairisce. Feicfidh mé sibh i gceann míosa.
Mise do chara buan, Tadhg
Litreacha Cleachtaí breise
1. Tá duine óg á lorg ag TG4 chun cláracha taitneamhacha do dhaoine óga a chur i láthair. Scríobh an litir iarratais a chuirfeá chuig Ceannasaí TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
2. Tá fadhb shóisialta i do cheantar féin. Scríobh an litir a chuirfeá chuig eagarthóir nuachtáin Ghaeilge faoin ábhar seo.
I do litir luaigh: • rud éigin faoin bhfógra ó TG4 a bhí sna meáin
• dhá rud faoi na cláracha ba mhaith leat a chur i láthair
• dhá cháilíocht atá agat féin maidir leis an gcineál oibre atá i gceist.
Gluais togha oibrí: oibrí an-mhaith
réitímid go maith le chéile: ní bhímid ag argóint a sholáthar: a chur ar fáil
I do litir luaigh:
• an cineál faidhbe atá i gceist • dhá iarracht atá déanta ag muintir an cheantair chun an fhadhb a réiteach