Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:55 Page 84
Aonad a dó |Mo cheantar féin Mothúcháin
Tá sé an-soiléir go bhfuil grá mór ag an bhfile don Bhlascaod Mór agus do phobal an oileáin sin. Tá sí buartha toisc nach raibh an dara suí sa bhuaile ag na daoine ach an t-oileán a fhágáil nuair a bhí riachtanais an tsaoil ag éirí gann. Tá brón ar an bhfile go bhfuil an chuid sin den chultúr Gaelach imithe go deo. Músclaíonn an file brón agus trua sa léitheoir nuair a thugann sí cur síos dúinn ar na páistí soineanta a bhíodh ag súgradh ar an Trá Bhán - mar a thugadh na hoileánaigh uirthi:
Is cuimhin leis páistí beaga Ag súgradh ar an trá.
Músclaíonn an file trua ionainn do na páistí sin nach mbeidh in ann filleadh ar a ndúchas go deo toisc go bhfuil a n-áit dúchais (an Blascaod Mór) tréigthe anois. Níl duine ná deoraí fágtha ann ach amháin na taibhsí sna fothracha duairce folmha:
Ach b’fhéidir go bhfuil taibhsí Ag insint scéal nó dhó
Cois tine ar an mBlascaod Faoin saol a bhí ann fadó.
Ceisteanna scrúdaithe
i Ainmnigh dán Gaeilge (a ndearna tú staidéar air i rith do chúrsa) a bhfuil do rogha ceann amháin de na téamaí seo thíos i gceist ann. Ní mór teideal an dáin sin, mar aon le hainm an fhile, a scríobh síos go soiléir.
(a) áilleacht (b) cion ag an bhfile ar áit áirithe (c) uaigneas (d) an dúlra (e) an fharraige (f) radharc ar chuir an file spéis ar leith ann
ii Tabhair cuntas gairid ar a bhfuil sa dán sin faoin téama atá roghnaithe agat agus ar an gcaoi a gcuireann an file an téama sin os ár gcomhair.