Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:58 Page 165
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
Pictiúr 4
Is léir ón gceathrú pictiúr go bhfuil críoch shona leis an scéal seo. Chuala tuismitheoirí Bhríd an fógra ar an gcallaire. Ní dhearna siad stad ná staonadh gur bhain siad an deasc eolais amach. Ba mhór an faoiseamh dóibh é nuair a chonaic siad Bríd bheag. Tugann a hathair €20 do Cháitín agus Darach. Tá Bríd bheag spíonta amach ach tá aoibh an gháire ar a haghaidh. Tá sí slán arís i lámha a máthar.
Rólghlacadh
Caitheamh Aimsire Tasc a dó Dalta (an t-iarrthóir) ag lorg eolais faoi cheolchoirm. Labhraíonn an dalta (an t-iarrthóir) le gníomhaire ticéad (an scrúdaitheoir). Cumann an dalta (an t-iarrthóir) ceisteanna bunaithe ar an gcárta seo chun eolas a bhailiú faoin gceolchoirm:
Ceolchoirm 02
Blur
Dé hAoine 09/10/10 - 12/10/10 Bannaí Ceoil Taca:
Rage Against the Machine Kings of Leon The Prodigy The Verve
Láthair Champála €20 ar champáil thar oíche
Ticéid ar fáil: Ticketmaster
Praghas - €224.50 Tuilleadh Eolais
Teileafón - 0404 98345 Suíomh gréasáin - www.feilebhailephuinse.ie Caithfidh duine fásta a bheith le déagóirí faoi 17 mbliana 165